Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Coiste na dTuismitheoirí

Bunaíodh Cumann na dTuismitheoirí anseo i nGaelscoil Naomh Pádraig i 1997. Tá gach tuismitheoir le páiste sa scoil mar bhall den Chumann.

Is í aidhm an Chumainn ná comhoibriú agus meas araon a chothú idir tuismitheoirí, múinteoirí agus Bord Bainistíochta na scoile, feidhmiú go comhoibritheach agus guth na dtuismitheoirí a chur chun cinn nuair atá polasaithe scoile á fhorbairt nó á hathbhreithniú; iarracht áiseanna/ fearas breise a fháil agus a lorg don scoil, cabhrú leis an scoil nuair a mbíonn ócáidí speisialta ar siúl; agus, seisiúin nó oícheanta eolais a eagrú do thuismitheoirí na scoile ó am go h-am. 

 

Samplaí den obair a rinneadh le déanaí ná:

1. Leabhair a fháil don leabharlann scoile - tríd 'Aonach Leabhar' a eagrú agus a reachtáil

2. Infheistiú ar Fhearais Spóirt agus troscán don chlár luath léitheoireachta

3. Infheistiú ar 'ranganna rothaíochta' do pháistí Rang 5 & Rang 6

4. Cuairt ó Dhaidí na Nollag chuig an scoil a eagrú gach Nollaig

5. Maidin Caife a eagrú ó am go ham a ritheann le himeachtaí scoile a bhíonn ar siúl (Lá na Sean-Tuistí, Siúlóid na gCailleach, Cuairt Dhaidí na Nollag srl..)

6. Margadh Císte a eagrú go bliaintiúil.

7. Cabhrú ag ócáidí speisialta (sóláistí a chur ar fáil)

8. Crannchur na Nollag agus Crannchur na Cásca a eagrú gach bliain

9. Cártaí Nollaig a eagrú ó am go h-am. Iris Nollaig ar nós 'Sonas' nó 'Spraoi' a cheannach do gach páiste sa scoil um Nollaig

10.Oíche Ghradam agus Leabhrán 'Deireadh na Bliana' Rang 6 a eagrú

11. Tacú leis an scoil chun costas d'achmhainní na ndaltaí a chlúdú ar nós fearas teicneolaíochta: I-Padanna, ábhar coincréiteach do Compu Lego WEDO, BeeBots - scileanna códú & ríomhaireachta a fhorbairt sna ranganna naíonán

12. Leath an chostas do na líontáin timpeall ar imeall na páirce ilaimseartha clúdaithe ag tuistí na scoile  

13. Athbhreithniú ar pholasaithe scoile

14. Ag tacú leis an bhfeachtas - An Bhratach Scoile Gníomhach

15. Ag taco leis an bhfeachtas - Scoil Glas

Seo hiad na tuismitheoirí ar Chumann na dTuismitheoirí don scoilbhliain 2021/22:

Cumann na dTuismitheoirí - an Coiste (2021/22)

Yvonne Fitzpatrick Cathaoirleach

Louise Nesbitt - Leas-Chathaoirleach

Deirdre Rooney - Rúnaí

Janette Duff - Leas-Rúnaí

Miriam Wright - Cisteoir

Lynda Uí Fhiaich - Leas-Cisteoir

Yvonne Cullen, Maria O’Toole, Therese Connolly, Emma Skelly, Veronica Connolly, Margaret Colfer, Medbh Thomas, Edel Smyth &  Brid Waters Brandon