Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Ranganna Veidhlín

 

Bíonn Ranganna veidhlín ar siúl ag na páistí ó Naíonáin Mhóra suas go Rang 6 gach seachtain. Tagann an múinteoir Rachel isteach chuig an scoil chun na páistí a mhúineadh. Bíonn deis ag roinnt páistí ó na ranganna 3-5 an dordveidhil a fhoghlaim gach seachtain leis an Múinteoir Adrian.

 

Ceolfhoireann na Scoile

 
 
 
 

Cuireadh an chéad cheoilfhoireann scoile le chéile i 2016. Bhí thart ar 25 páiste ann. D’éirigh go h-iontach leo. Sheinn siad ag na h-ocáidí scoile ar nós An t-Seirbhís Charúil, An Chéad Chomaoineach agus an Coineartú. Ghlac siad páirt i gCor Fhéile na scoileanna freisin. Tá na páistí sin ar fad imithe ar aghaidh chuig an meánscoil anois, agus chuireamar ceolfhoireann nua le chéile i mbliana le páistí ó rang 5 agus a 6. Táimid ag súil go mór len iad a chloisteáil go luath!

 

Grúpa Ceoil Traidisiúnta na Scoile

 

Tá Grúpa Ceoil Traidisiúnta sa scoil faoi stiúr Múinteoir Andrea agus Múinteoir Sinéad Ní Chaochlaoich. Buaileann siad lena chéile gach Luan i ndiaidh am scoile chun cleachtadh a dhéanamh. Seinneann siad ag ócáidí áirithe scoile i rith na bliana.

 

Cór Scoile

 
 

Tá cór den scoth ag Gaelscoil Naomh Pádraig faoi threoir an Mhúinteoir Eimear. Bíonn an Cór ó Rang 3 - 4 ag canadh ag na seirbhísí speisialta a bhíonn againn sa scoil chun na Sacraimintí éagsúla a cheiliúradh ar nós Seirbhís an tSolais, An Coineartú, An Chéad Fhaoistin agus An Chéad Chomaoineach. Déantar cleachtadh seachtainiúil sa halla le Múinteoir Eimear.

Chomh maith leis an ngnáth cór scoile eagraíonn Múinteoir Eimear an tSeirbhís Nollag chuile bhliain sa scoil.