Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

An Bhliain Scoile

Leanann an scoil an caighdeánú atá réitithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna de réir na scoilbhliana.

Bíonn eachtraí éagsúla ar siúl i rith na scoilbhliana.  Seo a leanas cuid de na rudaí a bhíonn ar siúl:

 

Meán Fómhair

Tagann na páistí ar ais ar scoil.  

Cruinniú do thuismitheoirí na Naíonán.

 

Deireadh Fómhair

Cruinniú Cinn Bhliana Chumann na dTuismitheoirí.

Briseadh meán téarma ag deireadh na míosa seo.  

Téann na páistí ar Shiúlóid na gCailleach chuig Páirc Ghleann an Ghrifín ar an lá a bhriseann siad suas.  Is féidir leo gléasadh suas don lá seo.

 

Samhain

Cruinnithe Tuismitheora/Múinteora

Aonach Leabhair

Team Hope - Boscaí Bróg

 

Nollaig

Saoire na Nollag. Tugann Daidí na Nollag cuairt ar gach páiste sa scoil le bronntanas beag.

Crannchúr na Nollag. 

Seirbhís Carúil.  

 

Eanáir

Tagann na páistí ar ais tar éis na saoire.  

 

Feabhra

Seirbhís an tSolais agus Cóineartú Rang a 6.  Ag braith ar Theach an Ard Easpaig.  

 

Márta

Seachtain na Gaeilge.  De gnáth bíonn cuairteanna eagraithe le scoileanna eile sa cheantar chomh maith le eachtaraí sa scoil.  

 

Aibreán

Crannchur na Cásca.

An Chéad Fhaoistin - Rang 2

 

Bealtaine

An Chéad Chomaoineach - Rang 2.

 

Meitheamh

Lá Spóirt.