Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Faoin Scoil

 

Sonraí na Scoile

Is scoil beirt is fichead oide í Gaelscoil Naomh Pádraig, an príomhoide san áireamh. Glactar le thart ar seasca páiste gach Mí Meán Fómhair i Ranganna na Naíonáin Bheaga má tá an t-éileamh ann. Is scoil dhá shruthach í.

Is féidir páistí a chlárú i rith Mí Dheireadh Fómhair amháin le freastal ar an scoil. Tá na foirmeacha iarratais ar fáil ar suíomh greasáin na scoile (cliceáil ar ‘polasaithe scoile’).

Stair na scoile

Is grúpa tuismitheoirí ó Bhaile Phámar agus Leamhcán a bhí ag lorg oideachais tré mheán na Gaeilge a bhunaigh Gaelscoil Naomh Pádraig i 1989. Thosaigh beirt is fiche páiste leis an bpríomhoide Eoin ó Donnagáin i Meán Fómhar na bliana sin. Bhí an scoil lonnaithe i Lána an Mhuilinn agus in Ospidéal an Stiúbhartaigh ar feadh deich mbliana go dtí gur tógadh an foirgneamh nua i Leamhcán. Tá an scoil lonnaithe ó Feabhra 2000 ar Bhóthar an Chaisleáin, Leamhcán.

Ceapadh Carmel Ní Chatháin mar Phríomhoide na scoile i 2004. Sa bhliain sin (2004) léirigh an Roinn Oideachais agus Scileanna go raibh beart acu an scoil a leathnú. Tógadh dhá rang naíonáin isteach sa scoil an bhliain sin agus thosaigh obair ar an síneadh i 2006. Is scoil dhá shruthach í Gaelscoil Naomh Pádraig anois.

Is é Liam Breathnach Príomhoide na scoile i láthair na huaire. Thosaigh Liam ag feidhmiú mar Phríomhoide ag tús Mí Eanáir 2014. Tá breis is 400 dalta cláraithe sa scoil i mbliana.

 
20ú Deireadh Fómhair 2017
download document