Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Turas go Reilg Ghlas Naíon

5ú Nollaig 2018

Chuaigh an dá rang a sé ar thuras staire go reilg Ghlas Naíon an tseachtain seo caite. Cé go raibh an aimsir go holc ar fad, d'éirigh linn go leor a fheiceáil agus a fhoghlaim. Thosaigh an turas i dtuama Uí Chonnaill agus bhí cead againn dul go barr an chloigthí chomh maith. Bhí radharc iontach ón mbarr ach bheadh sé níos fearr fós ar lá geal.  Ina dhiaidh sin, rinne muid ceardlann bunaithe ar an gCéad Cogadh Domhanda. Bhí muid in ann go leor earraí éagsúla a láimhseáil, agus fiú cuid de na héadaí a chaitheamh. Tá roinnt pictiúirí dúinn anseo.