Siúlóid an Fhómhair
13ú Deireadh Fómhair 2018
Bhí maidin álainn againn ag an bpáirc áitiúil Dé hAoine seo caite. Chonaic muid crainn, buaircíní, dearcáin....agus iora rua!!!!!! Bhí an-spórt againn dá leanúint! Bhí díreach go leor ama againn dul chuig an gclós súgartha ar feadh tamaill bhig sular thosaigh an bháisteach.

