Seirbhís Charúil Ghaelscoil Naomh Pádraig, Nollaig 2018
19ú Nollaig 2018
Seo meabhrúcháin den dá sheirbhís charúil álainn a bhí againn i gColaíste Cois life ar an 18ú Nollaig. Bhí aingil, aoirí,cantóirí agus bhí an dá rang a sé gleasta mar Dhaidí Na Nollag le feiceáil sa halla agus iad ar fad ann chun scéal na Nollag a insint. Idir canadh agus ceolfhoireann na scoile ag seinnt, bhí ócáid speisialta againn a mhuscail spiorad na Nollag ionainn uilig.
Buíochas ollmhór do Cholaiste Cois Life a chuir fáilte mhór romhainn agus tuismitheoirí Ghaelscoil Naomh Pádraig a bhí fláithiúil ag tabhairt airgid ar son an Naomh Uinseann de Pól. Guímís Nollaig Shona síochánta agus Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh go léir!

