Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Is Eolaithe Muid!

26ú Feabhra 2018

Baineann Rang 3 an-taitneamh as a bheith ag foghlaim faoi conas a n-oibríonn rudaí sa saol. Mar sin, déanaimid iarracht turgnaimh eolaíochta a dhéanamh gach seachtain i ngrúpaí beaga.

Le déanaí, rinneamar ciorcaid, héileacaptair páipéir agus roicéad i measc go leor rudaí eile. Chomh maith leis sin, ghlac na páistí páirt i seachtain eolaíochta. Bhí an-spórt againn ag féachaint ar na turgnaimh éagsúla a bhí ag gach ghrúpa. 

Bí ag faire amach ar an leathanach seo chun na turgnaimh is déanaí a fheiceáil!