Cuairt ar Theach Bhaile an Chaisleáin
14ú Samhain 2019
Bhaineamar an-sult as an Lorg Mata sa seanteach galánta seo. Cé go rabhamar ag smaoineamh ar chruthanna, spás, fad agus uimhreacha, d’fhoghlaimíomar an t-uafás faoi shaol na ndaoine a chónaigh ann fadó.
Thaitin na gairdíní go mór linn! Chanamar do na lachain agus rugamar barróga ar na crainn!

