Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Comórtas Maisiúcháin Athchúrsáilithe 2017

15ú Nollaig 2017

D’éirigh thar cinn le daltaí na scoile arís i mbliana. Caithfear ard-mholadh a thabhairt do na daltaí ar fad sa scoil a chuir píosaí ealaíne le chéile déanta as ábhair athchúrsáilithe. Bhí an caighdeán do- chreidthe. D’éirigh le ceathrar duais a bhuachaint sa chomórtas oifigiúil in oifigí Comhairle Contae Átha Cliath Theas. Comhghairdeachas le Orla Ní Dhoinn

(R3 Dónal) a tháinig sa chéad áit sa chatagóir faoi aois 12 agus Caoilfhinn Ní Shearraigh & Síofra Nic Réamoinn (R6 Lorna) a tháinig sa chéad áit sa chatagóir thar aois a 12. Comhghairdeachas ar leith do Caoilfhionn Ní Bhriain (R5 Bríd) a tháinig sa chéad áit amach is amach idir na catagóir uilig. Chothaigh sí fléasc álainn na haidbhinte.

Míle buíochas leat Múinteoir Redempta as na daltaí a spreagadh agus a ghríosadh a bheith gníomhach agus aireach faoi cúrsaí glasa.