Ceolfhoireann na Scoile
11ú Aibreán 2018
Ghlac ceolfhoireann na scoile páirt i gCórfhéile na scoileanna Baile Átha Cliath i dTamhlacht ar an 8ú Márta. Bhíodar faoi stiúir ár múinteoir veidhlín Rachel agus bhí múinteoir Eimear á dtionlacan. Ba é an chéad uair don cheolfhoireann seinnt sa Chórfhéile. Sheinn an cheolfhoireann dhá phíosa ceoil, Raglan Road agus Panus.Tugadh tuairisc iontach dóibh agus ba léir go raibh na páistí an-profisiúnta ar an stáitse.
Bronnadh bonn speisialta ar chuile dhuine sa Cheolfhoireann ag tionól scoile 10ú Aibreán.

