Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Bia 's Beatha - GSNP ag cabhrú leis an gCumann Naomh Uinseann de Pól

19ú Nollaig 2018

Tá sé mar thraidisiún againn anois i nGSNP airgead a bhailiu don Chumann Naomh Uinseann de Pól ag an tSeirbhís Charúil agus arís i mbliana bhailíomar airgead dóibh le cabhair ó thuismitheoirí na scoile.

I mbliana, nuair a tháinig Séamus Clandillon chun an t-airgead a bhailiu bhí iontas deas ag fanacht air. Bhailigh na hardranganna (an dá rang 5 - Sinéad agus Domhnall agus an dá rang 6 - Louise agus Stiofán) bia do na boicht. Is mór an méad bia a bhí bailithe againn agus is maith an rud é go raibh 'boot' mór ag Séamus!!

Tá súil againn go ndéanann ár n-iarracht beag difríocht mhór an Nollaig seo.