Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Ag bailiú sonraí

26ú Feabhra 2018

Cé ar cheap go mbeadh Smarties in ann cabhrú linn lenár mhata? Bhuel, fuair Rang 3 amach go bhfuil sonraí mórthimpeall orainn, díreach caithfimid a bheith ag faire amach dóibh!

Don tasc seo, bhí ar na daltaí na smarties a rangú i ngrúpaí de réir dath. Ansin tharraing siad blocghraif le taispeáint céard iad na dathanna is coitianta sa bhosca. Ní haon ionadh é go raibh meangadh gáire ar a aghaidh!