Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Tionscnamh Códála Rang 5

14ú Meitheamh 2019

Ghlac an dá Rang 5 páirt i dtionscnamh códála in éineacht le cúig Gaelscoileanna eile sa cheantar : Gaelscoil Uí Riada - Cill Choca, Gaelscoil Eiscir Riada - Leamhcán, Scoil Uí Dhálaigh - Léim an Bhradáin, Gaelscoil Na Camóige - Cluain Dolcáin agus Gaelscoil Uí Fhiaich - Maigh Nuad.

Bhain siad úsáid as Lego Wedo 2.0 chun róbó a thógáil ansin rinne siad códáil ar na hiPadanna chun iad a códáil agus a bhogadh. 

Chuamar chuig an Róbó Seó inné i gColáiste Phádraig, Dromconrach agus bhí téama ‘Mission Moon’ ann i mbliana Mar go bhfuil 50 bhliain caite ó thuirling an chéad spáslong ar an ngealach. Thóg na páistí bunáit gealaí agus thaispeáin siad conas maireachtáil ar an ngealach agus na fadhbanna a bhí ós a gcomhair ann.

Bhí lá den scoth againn agus fuair chuile duine a ghlac páirt bonn Lego!