Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Rang 6 Louise

22ú Márta 2020

A pháistí,

Tá súil agam go bhfuil sibh go léir go maith agus ag tabhairt aire daoibh féin agus ag cabhrú sa bhaile. Táim ag smaoineamh oraibh ag an am deacair seo. Beidh mé i dteagmháil libh tríd SeeSaw fad is atá sibh sa bhaile. Má tá aon cheist agaibh, nó aon obair gur mhaith libh a sheoladh chugam, le bhur dtoil déanaigí teagmháil liom tríd SeeSaw nó tríd an ríomhphost seo a chruthaigh mé daoibh: rang6louise@yahoo.com. Táim anseo chun cabhrú libh!

 Seo cúpla rud chun cabhrú libh bhur n-obair a thugamar daoibh a dhéanamh. Déanaigí bhur ndícheall le seo ach ná mothaigí faoi bhrú. Táim ag súil le bhur n-obair a fheiceáil :-)

23/03-27/03

-Leanaigí ar aghaidh ag déanamh Mata Meabhrach gach ré lá.

-Continue reading 20 minutes of your novel each day. 

-Scríbhneoireacht: leanaigí ar aghaidh ag déanamh píosa scríbhneoireachta ar a laghad dhá uair in aghaidh na seachtaine. Cuir píosa scríbhneoireachta atá déanta agaibh ar SeeSaw an tseachtain seo. Déan cinnte eagarthóireacht a dhéanamh air ar dtús (Ar úsáid mé ceannlitreacha?/An bhfuil lánstadanna sna háiteanna cearta?/Ar sheiceáil mé litriú nó foclóir san fhoclóir?/ An bhfuil teideal ar mo chuid oibre?/Ar úsáid mé comhartha cainte?)

Tá John Boyne (Údar ‘The Boy in the Striped Pyjamas’ ag déanamh comórtas scríbhneoireachta do pháistí má tá suim agaibh cur isteach ar an gcomórtas seo an nasc.   https://johnboyne.com/short-story-competition/  

-Leanaigí ar aghaidh ag breathnú ar TG4 dhá uair sa tseachtain: 

https://www.cula4.com/ga/ 

-Leanaigí ar aghaidh leis an aclaíocht: Tá an suíomh seo go maith! https://www.thebodycoach.com/blog/pe-with-joe-1254.html 

-Stair: leanaigí ar aghaidh ag obair ar bhur dtionscnaimh staire. Má tá na hAstacaigh á dhéanamh agaibh tá Powerpoint maith anseo chun cabhrú libh: 

https://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2020/01/f41f28dc667c92ade8e3adacb16acdf0-2.pptx 

Má tá na hÉigiptigh á dhéanamh agaibh tá Powerpoint maith anseo chun cabhrú libh: https://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2015/08/03-An-tSean-Éigipt-FT-R5.pptx 

Cuirigí bhur dtionscnaimh ar SeeSaw roimh an Aoine an 27 Márta más féidir. Déan fís agus tú ag míniú an méid a rinne tú/a dhfoghlaim tú, nó muna bhfuil tú in ann é sin a dhéanamh cuir grianghraf den tionscnamh ar SeeSaw agus scríobh píosa faoi. 

-English project: Finish your English project this week and put it on SeeSaw. Again it would be nice if you sent me a video of you presenting your project. If this isn’t possible for you then just send me a photo of the project and write a few lines on why you chose it and what you learned. 

(Le cur ar SeeSaw: Tionscnamh Staire, English Project and one piece of writing)

Dear parents,

I will contact the children through SeeSaw while they are at home. For next week, 23rd-27th March, I have asked them to post one piece of writing, their English project and their History project to SeeSaw and have sent them a few helpful links. I would like the children to do at least one hour of school work per day if possible along with exercise and other fun activities, however I want to stress that they shouldn’t feel under pressure. Decide as a family what you can get done. You or your child can contact me through SeeSaw or through an email I have set up for the class: rang6louise@yahoo.com with any questions you may have.

I hope you are all safe and well during this very difficult time.

Le meas,

Louise