Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Mí Eanáir Naíonáin Bheaga Lisa

29ú Eanáir 2020

Thosaíomar ar an gclár nua fónaice "Mar a Déarfá"! Táimid ag obair go dian agus tá go leor foghlamtha againn cheana féin! Bhíomar ag iniúchadh cruthanna 3T, ag déanamh go leor gníomhaíochtaí bunaithe ar na huimhireacha aon, dó agus trí. Thosaíomar ranganna peile leis na Gael Óga. Rinnemar taifead ar an aimsir gach lá agus rinnemar ealaíon álainn bunaithe ar an aimsir freisin. Chuireamar tús leis an gclár "Bí Sábháilte". Bhaineamar an-taitneamh as "Tết", an bhliain nua i Vítneam, a cheiliúradh le chéile!