Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

GSNP sa NCH!

28ú Bealtaine 2019

Bhí oíche thar na bearta againn sa Cheoláras Náisiúnta aréir don cheolchoirm le Cór na n-Óg. Bhí Lauren, Seaghan, Isla, Paige, Saoirse, Donnacha, Eoghan agus Eva thar cionn. Chan siad le spiorad, beocht agus lena gcroíthe ó thuas go deireadh na hoíche. Táimid fíor-bhródúil astu.

Tháinig an cumadóir agus stiúrathóir cáiliúil Jim Papoulis, trasna ó Mheirceá chun iad a stiúradh agus iad ag canadh an t-amhrán Kusimama a chum sé. Breathnaigí orthu ag canadh anseo- tiocfaidh cáithníní ar bhur gcraiceann ag éisteacht leo!

https://www.facebook.com/choirncc/videos/2948573945182575/