Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Cór na nÓg

23ú Bealtaine 2019

Bhí oíche den scoth againn san Ionad Cishpeile i dTamhlacht ar an 28ú Márta, nuair a chan an dá Rang a 5 i gceolchoirm mar chuid de Chór na nÓg. D’oibrigh siad go h-an dian ó thuas na scoilbliana ag foghlaim na n-amhrán agus bhíomar chomh bródúil astu ar an oíche. Bhí siad go léir thar barr. Féach ar an suíomh www.nationalchildrenschoir.org chun grianghraif de na páistí a fheiceáil.

Roghnaíodh ochtar ón scoil chun canadh sa Cheoláras Náisiúnta le Cór na nÓg, Dé Luain seo chugainn; Isla, Paige, Saoirse, Donnacha, Eoghan, Eva, Lauren agus Seaghan. Táimid ag súil go mór leis an gceolchoirm agus guímid gach rath orthu.

Bhí lá álainn againn inné i nDomhnach Broc ag cleachtadh agus ag réitiú don cheolchoirm. Éist leis an taifead díobh ag cleachtadh. Nach bhfuil siad ar fheabhas!