Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Cór na n-Óg

27ú Márta 2019

Bhí an dá rang a 5 ag cleachtadh san Ionad Cispheile i dTamhlacht inniu ar feadh an lae ag réitiú don cheolchoirm mhór oíche amárach. Tá siad tar éis a bheith ag obair go dian dícheallach ó thuas na bliana ag foghlaim na n-amhrán go léir agus tá siad ar bís go bhfuil oíche na ceolchoirme beagnach tagtha. D’éirigh go h-iontach leo inniu agus táimid ag súil go mór leis an gceolchoirm amárach. Oíche den scoth a bheidh ann go cinnte!