Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Comórtas Maisiúcháin Athchúrsáilte 2018

13ú Nollaig 2018

Is léir go raibh an-suim ag páistí ó Ghaelscoil Naomh Pádraig arís i mbliana maisiúcháin a dheanamh as ábhair athchúrsala. Bronnadh teastas ar chuile pháiste a ghlac páirt agus tugadh ardmholadh dóibh ag tionól na scoile. Bhí na maisiúcháin ar fad an-chruthaíodh agus bhí sé deachair cinneadh a dheanamh cén cinn le roghnú chun dul ar aghaidh chuig oifigí Comhairle Contae Átha Cliath Theas.

Fuairemar dea-nuacht ag tús na seachtaine seo.
Comhghairdeas le Robyn Ní Mhórdha(Rang 2 Sinéad) a bhuaigh an chéad duais agus Grace Ní hÉilí (Rang 4 Síle) agus a deartháir Conchúr (Rang 6 Louise) an tríú háit sa catagóir céanna.
Bhí dea-nuacht eile againn ansin le Rachel Ní Bheirne ( Rang 4 Síle) ag buachaint an chéad áit agus Maois ó Floinn (Rang 5 Dónal) sa tríú háit i gcatagóir níos sine. Comhghairdeas libh!
Deineadh an scoil a mhaisiú leis na máisiúcháin ar fad agus bhí deis ag páistí na scoile breathnú orthu.