Access Keys:

 
 
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán

Aistear - An Bhialann

4ú Márta 2019

Bhí ‘An Bhialann’ againn mar théama i mí Feabhra. Bhaineamar an-taitneamh as an gcúinne rólimirt a bhí mar ‘Da Vinci’s’. Bhíomar ag obair mar fhreastalaí, cócaire agus bhí custaiméirí ag ithe sa bhialann chomh maith. Rinneamar biachláir don bhialann, bia le márla agus ghlan na páistí na soithí sa bhfolcadán. D’fhoghlaim muid gur féidir péinteáil le spaghetti freisin!! Is breá linn an tréimhse Aistear gach lá!